Cur chuige ar feadh an tsaoil i dtaca le vacsaíniú
Na vacsaíní a úsáidtear san Aontas, tá siad sábháilte éifeachtach. Téann siad trí dhianphróiseas tástála sula bhfaomhfar iad do mhargadh an Aontais agus déantar dlúthmhonatóireacht orthu ina dhiaidh sin.
Le breis agus 200 bliain anuas, tá vacsaíniú ar cheann de na bealaí is fearr do thuismitheoirí a leanaí a chosaint ar thinneas tromchúiseach, ar ospidéalú nó ar bhás fiú.
Ach ní do dhaoine óga amháin atá vacsaíniú. Tá roinnt galair inchoiscthe trí vacsaíniú ann, ar galair iad atá an-fhorleathan agus tromchúiseach i measc déagóirí nó daoine fásta.

Céim bheag, tairbhí ar feadh an tsaoil
Is féidir le sceidealóir vacsaíní an Aontais cabhrú leat eolas a fháil faoi na vacsaíní agus na teanndáileoga a mholtar do gach céim den saol. Téigh i gcomhairle le do dhochtúir teaghlaigh chun a chinntiú go bhfuil gach duine cothrom le dáta maidir leis na vacsaíní a mholtar go náisiúnta.
Tógaimis céim bheag anois chun tairbhí ar feadh an tsaoil a chinntiú do chách.

Tá an tAontas Eorpach aontaithe in a lán gnéithe den saol. Inniu, is féidir linn a bheith #UnitedInProtection a bhuí le vacsaíniú, rud a fhágann gur féidir linn ár bpobal a chosaint ar ghalair mharfacha a chuireann daoine ó chumas.
Faightear an vacsaín: cuirimis vacsaíní ag obair
Cuidíonn vacsaíniú lenár gcosaintí imdhíonachta galar a d’fhéadfadh a bheith nochta dóibh a shárú. Cé gur féidir le duine vacsaínithe éirí tinn go fóill, de ghnáth, bíonn na hairíonna níos éadroime agus tagann an duine chuige féin níos tapúla.
Sin é an fáth gur cinneadh tábhachtach dúinn go léir é vacsaíniú, mar dhaoine aonair agus mar chomhartha dlúthpháirtíochta lenár ndaoine muinteartha, lenár gcairde agus lenár gcomharsana nach féidir vacsaín a fháil ar chúiseanna éagsúla. Ná déanaimis dearmad go mbíonn tionchar ag ár gcinntí pearsanta orthusan freisin.

Na vacsaíní i bhfigiúirí
Aghaidh a thabhairt ar an mífhaisnéis agus ar an mbréagaisnéis
Sa lá atá inniu ann, is féidir eolas a scaipeadh ar bhealach níos tapúla agus níos faide ná riamh a bhuí le cainéil dhigiteacha agus cainéil na meán sóisialta. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le mearbhall, sin agus cur le méadú ar líon na dteachtaireachtaí bréagacha nó míthreoracha a scaiptear. Le blianta beaga anuas, chonaiceamar an chaoi ar féidir leis sin difear a dhéanamh do mhuinín daoine as vacsaíní.
Is i dteannta a chéile is cóir dúinn an mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis a chomhrac.

- Athléimneacht a chruthú i gcoinne na mífhaisnéise
- Éisteacht le hábhair imní agus ceisteanna agus freagraí a thabhairt orthu
- Scéalta a thuar agus an fhírinne a insint sula scaiptear mífhaisnéis
- An mhífhaisnéis atá á scaipeadh a bhréagnú
- Oibriú i ndlúthchomhar le hardáin ar líne
- Pobail a spreagadh agus a chumhachtú chun gníomhú go dearfach
Agus is féidir leatsa cabhrú freisin.
Tá tábhacht leis na fíricí: Déanaimis cinneadh faoi vacsaíniú bunaithe ar fhaisnéis iontaofa agus déanaimis ár machnamh sula gcomhroinnimid aon rud ar líne.

#UnitedInProtection Toolkit + Poster
- Digital kit - Подход за ваксинация през целия живот
- Digital kit - Un enfoque permanente de la vacunación
- Digital kit - Celoživotní přístup k očkování
- Digital kit - En livslang tilgang til vaccination
- Digital kit - Eine lebenslange Einstellung zur Impfung
- Digital kit - Kaitsesüstid kogu eluks
- Digital kit - Δια βίου προσέγγιση του εμβολιασμού
- Digital kit - Une approche de la vaccination tout au long de la vie
- Digital kit – A védőoltás élethossziglani megközelítése
- Digital kit - Un approccio alla vaccinazione che dura tutta la vita
- Digital kit - Pieeja vakcinācijai visa mūža garumā
- Digital kit - Verčiau nusiteikti skiepytis visą gyvenimą
- Digital kit – A védőoltás élethossziglani megközelítése
- Digital kit – Approċċ tul il-ħajja għat-tilqim
- Digital kit – Nastawienie do szczepień na całe życie
- Digital kit - Uma abordagem da vacinação ao longo de toda a vida
- Digital kit - O abordare pe viață a vaccinării
- Digital kit – Celoživotný prístup k očkovaniu
- Digital kit - Vseživljenjski pristop k cepljenju
- Digital kit - Elämänpituinen lähestymistapa rokottamiseen
- Digital kit - Ett livslångt förhållningssätt till vaccinering
- ПЛАКАТ - Подход за ваксинация през целия живот
- PÓSTER - Un enfoque permanente de la vacunación
- POSTER - Celoživotní přístup k očkování
- PLAKAT/POSTER - En livslang tilgang til vaccination
- POSTER - Eine lebenslange Einstellung zur Impfung
- POSTER - Kaitsesüstid kogu eluks_EE
- ΑΦΙΣΑ - Δια βίου προσέγγιση του εμβολιασμού_EL
- POSTER - Une approche de la vaccination tout au long de la vie_FR
- POSTER - Cjeloživotni pristup cijepljenju_HR
- POSTER-Un approccio alla vaccinazione che dura tutta la vita_IT
- PLAKĀTS - Pieeja vakcinācijai visa mūža garumā_LV
- PLAKATAS - Verčiau nusiteikti skiepytis visą gyvenimą_LT
- POSZTER – A védőoltás élethossziglani megközelítése_HU
- POSTER – Approċċ tul il-ħajja għat-tilqim_MT
- PLAKAT – Nastawienie do szczepień na całe życie_PL
- PÓSTER - Uma abordagem da vacinação ao longo de toda a vida_PT
- POSTER - O abordare pe viață a vaccinării_RO
- PLAGÁT – Celoživotný prístup k očkovaniu_SK
- POSTER - Vseživljenjski pristop k cepljenju_SL
- JULISTE - Elämänpituinen lähestymistapa rokottamiseen_FI
- POSTER - Ett livslångt förhållningssätt till vaccinering_SE