Bearnaí vacsaínithe COVID-19 a dhúnadh
Na vacsaíní go léir atá údaraithe san Aontas, tá siad sábháilte agus tugann siad cosaint mhaith ar ghalair throma, ar ospidéalú agus ar bhás. Fiú amháin agus athraithigh nua ag teacht chun cinn, is uirlisí cumhachtacha iad chun ár sláinte a chosaint, go háirithe nuair a dhéantar iad a chomhcheangal le bearta, cuir i gcás do lámha a ní go minic agus fanacht sa bhaile nuair a bhíonn tú tinn.
Agus sinn #UnitedInProtection, is féidir linn bearnaí vacsaínithe COVID-19 a dhúnadh.
Faightear an vacsaín: cuirimis vacsaíní ag obair
Seans nach bhfuil COVID-19 i mbéal an phobail ar an gcaoi chéanna is a bhí sé bliain ó shin, ach ní chiallaíonn sin nach bhfuil sé ann go fóill. Molann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach go dtabharfaí tús áite do vacsaíniú do na daoine is leochailí. Ina measc sin tá daoine atá 60 bliain d’aois agus níos sine, daoine a bhfuil córais imdhíonachta lagaithe acu agus bunchoinníollacha sláinte a chuireann i mbaol níos mó COVID-19 dona iad, chomh maith le mná torracha agus oibrithe cúraim sláinte.
Cuidigh an scéal a scaipeadh agus cuir do vacsaín in áirithe má tá tú incháilithe.
Aghaidh a thabhairt ar an mífhaisnéis agus ar an mbréagaisnéis
Le linn na paindéime, scaipeadh go leor eolais agus bhí cuid den eolas sin bréagach nó míthreorach. Rinne sin difear do roghanna agus d’iompar daoine, agus bhí tionchar aige sin ar mhuinín i bhfreagairtí sláinte poiblí, vacsaíniú san áireamh.
Is féidir le gach duine cuidiú chun beatha daoine a shábháil trí eolas iontaofa a chomhroinnt, é bunaithe ar an eolaíocht.
Sraith uirlisí #UnitedInProtection
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsбългарски
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsespañol
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsčeština
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsdansk
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsDeutsch
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapseesti
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsελληνικά
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsfrançais
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapshrvatski
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsitaliano
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapslatviešu
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapslietuvių
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsmagyar
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsMalti
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapspolski
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsportuguês
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsromână
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsslovenčina
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapsslovenščina
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapssuomi
- Digital kit - Closing COVID-19 vaccination gapssvenska
- Videoбългарски
- Videoespañol
- Videočeština
- Videodansk
- VideoDeutsch
- Videoeesti
- Videoελληνικά
- Videofrançais
- Videohrvatski
- Videoitaliano
- Videolatviešu
- Videolietuvių
- Videomagyar
- VideoMalti
- Videopolski
- Videoportuguês
- Videoromână
- Videoslovenčina
- Videoslovenščina
- Videosuomi
- Videosvenska