Vacsaíniú i gcoinne na bruitíní a chur ar ais ar an mbóthar ceart
Is galar víreasach an-tógálach í an bhruitíneach ar féidir í a tholgadh ag aois ar bith, agus is féidir í a scaipeadh go forleathan. Tá sé contúirteach go háirithe do pháistí óga agus do mhná torracha nach bhfuil vacsaínithe.
Mar gheall ar vacsaíniú, tá laghdú as cuimse tagtha ar mhinicíocht na bruitíní san Eoraip ach bíonn ráigeanna ann i measc leanaí nach bhfuil vacsaínithe. Chun gur féidir deireadh a chur leis an mbruitíneach ar fad, ní mór clúdach vacsaínithe os cionn 95% le dhá dháileog den vacsaín a bheith ann i ngach grúpa daonra agus i ngach ceantar geografach.
Le vacsaíniú sábháilte, is féidir linn muid féin a chosaint, daoine muinteartha a chosaint agus cosaint a thabhairt dá chéile.
Faightear an vacsaín: cuirimis vacsaíní ag obair
Léiríonn méadú ar chásanna bruitíní ar fud thíortha an Aontais/LEE an tábhacht a bhaineann le cláir chun páistí a imdhíonadh mar ghnáthnós agus le bearnaí imdhíonta a dhúnadh i measc na ndaoine úd a chaill amach ar vacsaíniú san am a chuaigh thart. Tá dhá dháileog den vacsaín ag teastáil chun an chosaint is fearr a thabhairt. Tugtar an chéad dáileog idir 10 agus 18 mí d’aois de ghnáth i dtíortha Eorpacha. Is féidir an dara dáileog a thabhairt mí amháin nó níos mó tar éis na chéad dáileoige, i gcomhréir leis an sceideal náisiúnta um vacsaíniú.
Ó thús phaindéim COVID-19, chaill breis agus 1.2 milliún páiste i Réigiún Eorpach na hEagraíochta Domhanda Sláinte amach ar vacsaíniú a fhéadfaidh iad a chosaint ar an mbruitíneach, ar an leicneach agus ar an mbruitíneach dhearg (MMR).
Aghaidh a thabhairt ar an mífhaisnéis agus ar an mbréagaisnéis
Is mian le gach tuismitheoir an chuid is fearr den saol a thabhairt dá pháistí, agus bíonn ceisteanna nó ábhair imní ag go leor acu maidir le vacsaíniú. Tá sé sin normálta, agus tá péidiatraí nó soláthraí cúram sláinte do pháiste ann chun aon cheist a d’fhéadfadh a bheith agat a fhreagairt. Trí eolas a fháil ó fhoinsí iontaofa, is féidir leat na cinntí is fearr a dhéanamh agus tús sláintiúil sa saol a thabhairt do do pháistí.
Cuimhnigh: Tá an vacsaín i gcoinne na bruitíní in úsáid le beagnach 60 bliain anuas. Tá sí sábháilte agus oibríonn sí.