Na daoine is leochailí a chosaint trí vacsaíní tráthúla in aghaidh treacha
Is éard is triuch ann galar baictéarach a bhaineann leis an gconair riospráide, rud a scaiptear go héasca agus go háirithe trí bhraoiníní a tháirgtear trí chasacht nó sraothartach. Cé gur sna naíonáin a fheictear na cineálacha treacha is déine, is féidir é a tholgadh ag aois ar bith. Thuairiscigh roinnt tíortha Eorpacha méadú ar líon na gcásanna treacha i gcomparáid le tréimhse na paindéime. Is é an bealach is fearr chun triuch a chosc na vacsaínithe molta is déanaí ina aghaidh a fháil.

Faightear an vacsaín: cuirimis vacsaíní ag obair
Vacsaíniú le linn toirchis agus an chéad dáileog de vacsaín treacha thabhairt go tráthúil do naíonáin, tá sé cruthaithe go bhfuil an méid sin éifeachtach chun leanaí nuabheirthe a chosaint. Is iondúil go dtugtar an vacsaín treacha in éineacht le vacsaíní diftéire agus teiteanais (agus in éineacht le vacsaíní eile go minic).
De ghnáth tugtar vacsaíniú príomhúil dhá nó trí dháileog don leanbh idir dhá mhí agus dhá mhí dhéag d’aois. Moltar an tríú/ceathrú dáileog a thabhairt agus an leanbh 11-24 mhí d’aois, agus dáileog eile idir 3 agus 6 bliana d’aois, de réir sceidil vacsaínithe náisiúnta san Aontas/LEE. Molann roinnt tíortha teanndáileoga freisin le linn na hógántachta agus na haosachta.
Déan teagmháil le gairmí cúraim sláinte chun tuilleadh eolais a fháil.
Aghaidh a thabhairt ar an mífhaisnéis agus ar an mbréagaisnéis
Is é soláthraí cúraim sláinte do linbh is fearr atá in ann freagra a thabhairt ar aon cheist a d’fhéadfadh a bheith agat faoi vacsaíniú.
Tugann vacsaíniú in aghaidh treacha cosaint mhaith ar ghalar tromchúiseach agus ar bhás. Ná déan dearmad, sula gceadófar aon vacsaín lena húsáid san Eoraip, nach mór diantástáil sábháilteachta a dhéanamh uirthi agus a léiriú gur mó na buntáistí ná aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann.
